Main content

Two Minute Tales - Irish category

Two Minute Tales 成人论坛 Thuaisceart Éireann ar ais — agus is féidir iontráil a chur isteach i nGaeilge an iarraidh seo!!

Tá catagóir anois sa chomórtas scéalta gairide Two Minute Tales do pháistí atá 5–11 bliana d’aois le scéalta a chur isteach i nGaeilge.

Déanfaidh painéal ar leith de mholtóirí Gaeilge, ar féidir tuilleadh eolais a fháil orthu anseo, an mholtóireacht air.

Roghnóidh na moltóirí triúr iomaitheoirí babhta ceannais agus léifidh aisteoirí a gcuid scéalta amach ar Blas ar Raidió Uladh, agus déanfar beochan de scéal an bhuaiteora. Beidh scéal gach duine de na triúr iomaitheoirí babhta ceannais san áireamh i scéal-leabhar maisithe.

Faigh tuilleadh amach faoin dóigh le do scéal Gaeilge a chur isteach ar ár bhfoirm ar líne anseo, nó sa phostar ríomhphost.

Más múinteoir thú atá ag iarraidh níos mó ná iontráil amháin a chur isteach, is féidir tuilleadh a fháil amach faoi sin anseo.

Ádh mór ort, agus tá muid ag fáiltiú go mór roimh do scéal a léamh!